Choice Publishing Book Store

 

 

 

Finscéal Eolaíochta do gach aois faoi scáth an CLG.”

 

Ina Léirítear saothar ealaíne Phól Ó Díomáin

 

Aistriúchán go Gaeilge le

Seán Mac Cumhaill

 

 

 

I

An Titim

 

 

Rith Darby Ó Criagáin, dhá bhliain d'aois, anonn de rúide go dtí an fhuinneog agus bhreathnaigh amach. Bhrúigh sé a smut in éadan an ghloine agus é ar bís...

'Seo, Seo, a pheata, beidh Deaidí anseo gan mhoill', a scairt Maria, Bean Uí Chriagáin, as an chistin.

'Caidé tá sé sin a dhéanamh?' arsa Dónall, dhá bhliain déag d'aois, go cantalach, nuair a tharraing fuadar an mhadaidh agus trúp-trap na gcrúb a aird ar shiúl ón teilifís. 'Tá sé ag dúil abhaile lena Dheaidí – rud nach féidir a rá fá dtaobh duitse', arsa a mháthair go giorraisc. Rinne Dónall monamar faoina anáil agus phill ar an teilifís.

Shiúil Maria anonn go dtí an fhuinneog agus shlióc cloigeann Darby go ceanúil. 'Féach anois', ar sise, 'tá sé sa bhaile', agus aoibh an gháire uirthi.

Bhí Rónán, a fear céile, tar éis tarraingt isteach ar an tsráid taobh amuigh den fhuinneog. Bhí sé gnóthach ag cur glas ar a ghluaisteán. Siocair gur i mBéal Feirste a raibh cónaí orthu, b'éigean dó slabhra mórchumhachta a chur thart ar an roth tiomána. D'fhoscail Maria an doras agus siúd amach Darby ina rith agus thug léim suas ar a mháistir. 'Luigh síos, luigh síos, a amadáin', arsa Rónán, go goraigeach magúil; bhí dúil aige i gcónaí san fháilte a chuirfeadh an madadh roimhe.

'Caidé'n cinéal lá a bhí agat inniu?' arsa Maria lena fear-céile. 'Le bheith ionraic, níor tharla a dhath iontach. Shuigh mé síos ag an deasc ar a naoi a chlog ar maidin agus bhí sé a cúig a chlog sular mhothaigh mé. Bhí giota craic agam le Tomás, Jill, Tina, Jenny agus Adam, ach taobh amuigh de sin, leis an fhírinne a rá, ní mheasaim go ndearna mé, ná gur dhúirt mé, ná gur smaoinigh mé ar tada. Sea, ní raibh a dhath iontach fá dtaobh de. Caidé fá dtaobh duit féin?' ar seisean agus aoibh air. 'Och, díreach mar is gnáthach', arsa Maria. 'Sé sin? arsa Rónán. 'A chinntiú go bhfaighfidh pobal uasal Bhéal Feirste a gcuid cógaisí agus drugaí,' ar sise. 'Shíl mé gur i seomra freastail dochtúra a bhí tú ag obair,' arsa Rónán le meangadh beag gáire. 'Sea, Sea, a thaisce, tá do dhinnéar san oigheann,' arsa Maria go neamhbhalbh. 'Tá mé stiúgtha leis an ocras. Shnámh mé cúig fad is fiche den linn snámha ag am lóin inniu. 'Leabhra, is mé atá tuirseach anois,' ar seisean agus lig sé méanfach.

'Bhfuil traenáil nó cluiche ag Eoghan nó ag Dónall anocht?' arsa Maria. 'Níl, níl a dhath acu tráthnóna inniu', arsa Rónán ag suí isteach ag béile blasta te.

 

Thart fá trí huaire ina dhiaidh sin leag Darby a chloigeann ar ucht a mháistir. Bhí sé ag tabhairt leide dó gur tráth siúlóide a bhí ann don phéire acu.

'Lig domh amharc ar an chlár teilifíse seo i dtús báire, Darby' agus é ag amharc isteach i súile móra impíocha an mhadaidh. 'Arú, damnú ort, siúlaimís linn mar sin,' arsa Rónán go cancrach, ag éirí ina sheasamh; agus chun a ghliondar croí a nochtadh rinne Darby damhsa, ag rothlú thart i gciorcal amhail madadh i ndiaidh a rubaill.

Sin an madadh is bómánta sa tír; cá háit a bhfuaireamar é, faoi Dhia? Nás! Cad chuige ar thiomáin mise an bealach uilig síos go Nás chun madadh gan mhaith a cheannach?' arsa Rónán lena bhean. 'Inis tusa domhsa,' arsa sise, 'rud éigin fraoin phór, sílim. Bhí cuma dheas air. Bheul, anois tá madadh galánta bómánta agat! Ceann amháin, go díreach?' Buaileadh buille le cúisín é isteach sa bhéal, rud a chuir Darby ar a rothlú mire arís.

 

'Cuir glaoch ar Dhónall; níl sé ach leath uair tar éis a naoi,' arsa Maria. 'Dhónaill,' bhfuil tú ag iarraidh dul fá choinne siúlóide liom féin agus Darby' a scairt Rónán. 'Tá, tabhair domh bomaite.' arsa Dónall. Timpeall deich mbomaite ina dhiaidh sin d'imigh an bheirt, agus an sotar rua ar téad, suas Ascal Ellistrín agus síos i dtreo Pháirc Chró Bhéithe. Mí Iúil a bhí ann agus loinnir an lae ann fós; bhí radharc acu trasna Loch Bhéal Feirste agus ó thuaidh go cósta an Dúin. Ach, cé go raibh an Samhradh ann bhí dreach caidheach truaillithe ar an spéir os cionn na cathrach.

'An bhfuil a fhios agat, a Dhónaill, nuair a bhíonn tú ag breathnú an bealach seo, amharcann Béal Feirste cosúil le gach cathair iar-thionsclaíoch eile – suarach go leor; ach nuair a dhearcann tú an bealach eile – chas Rónán thart agus d'amharc sé i dtreo an tsléibhe mhóir dhorcha phictiúrtha thall a bhí ag éirí aníos i gcúl an tí. Tá radharc againn ar chnoic Bhéal Feirste agus Cnoc na Pluaise díreach os ár gcionn. Is cosúil go mbraitheann sé ar an dearcadh atá agat – céacu tá an gloine, nó an chathair, sa chás seo, leathlán nó leathfholamh. Caidé do bharúilse?'

 

Rinne Dónall machnamh ar feadh tamaill, d'amharc sé sa dá threo agus d'fhreagair – 'Bhuel, deir m'uncail Liam i gcónaí go bhfuil an chathair leathlán – agus glacaim le sin.' 'Nach tú atá greannmhar – coinnigh do shúil ar an mhadadh sin – ' bhfuil greim agat air' arsa Rónán, agus é ag gáire leis féin. Ach fan; domh anseo é bomaite'. Ghlac sé tamall beag i gcónaí don mhadadh socrú síos nuair a rachadh sé amach a siúl; bheadh sé ag tarraingt go láidir ar an téad go dtí go n-éireodh sé tuirseach. Chas na siúlóirí isteach i bPáirc Chró Bheithe. Bhí dúil ag Rónán sna tithe sa cheantar seo – san éagsúlacht, i ndearadh agus i gcruth, ó aimsir Victoria go dtí an lá atá inniu ann. D'éirigh siad tostach agus shiúil leo ar a suaimhneas...

 

An Cluiche Deireanach Iomána i lár Thiobraid Árann                       

Le Seaghán Mac Conluain

 

Aistrithe go Gaeilge

le Seán Mac Cumhaill

 

ISBN: 978-1-907107-77-1

 

             Price  € 15.00

 

£11.99